School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 411

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 411

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 411
  3. XML “An Bacach agus A Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bacach agus a bhean as iarraidh deirce fé'n dtuaith. Thug bean feilméara galún bainne dóibh lá. Tráthnóna an lae sin do shuidheadar sios ar thaobh an bhóthair mar bhí tuirse orra. Dubhairt an fear go raibh ocras air agus go h-ólfadh sé an bainne. "Ní ólfaidh tú an bainne" ars an bhean. Díolfaimíd an galún mór bainne nuair a rachaimíd ar an mbaile mór agus ceannóchaimíd cearc ar an airgead. "Béarfaidh an chearc uibheacha agus cuirimíd na h-uibheacha ar gor. Beidh mórán sicíní annsan againn agus nuair a fhásfaidh siad beidh go leór uibheacha againn. Díolfaimíd na h-uibheacha agus ceannóchaimíd gamhain ar an airgead. Nuair a fhásfaidh an gamhain sin beidh gamhain eile aici agus ní fada go mbeidh neart bó againn. Beidh neart airgead againn annsan. Tógfaimíd teach breágh mór agus beidh go leór daoine ag teacht isteach chugainn, agus beimíd go maith dos na boicht"
    Do phreab an fear "Ní bheidmíd" ar seisean agus ní raibh an focal as a bhéal gur bhuail sé an galún bainne le na chois bhacach agus gur dhoirt sé an bainne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Paidín
    Gender
    Male