School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 409
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Ní ceart iasc úr a leigint amach as theach san oidhche gan gráinne salainn a chur air.
2) Deirtear nuair a bhíonn dhá chirc ag troid gur cómhartha é go dtiocfaidh strainséar eicint go dtí an teach an lá sin.
3) Dá mbeidhtheá ag dul go dtí teach tóirimh níor cheart duit dul isteach i n-aon teach eile roimh teach an chuirp.
4) Deirtear nach ceart é snáthad a thabhairt d'éinne gan snáth ann.
5) Deirtear nach ceart do mhnaoi dul go dtí an aifreann an chéad Domhnach taréis a pósta
6) Ní ceart aon rud a chaitheamh amach an chéad lá de'n bhliadhain nua.
7) Ní ceart faid síos a leigint ar theach
8) Ní ceart beirt as an dteach céadhna a phósadh an bhliadhain céadna.
9) Níl sé ceart cliabhán a dhéanamh do'n chéad leanbh.
10) Dá mbeadh cearc ag iompuir suip deirtear go mbeadh daoine ag iompuir cuirp.
11) Dá mbeadh duine ná beadh pósta ag cuartaidheacht i dteach agus nuair a bheadh sé ag eirigh chun dul abhaile dá dtuitfeadh an suidheachán faoi deirtear ná pósfaidh an duine sin an bhliadhain seo.
12) Dá mbeitheá ag dul i n-áit agus dá ndearmhadthá(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Gender
- Female