School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 357
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)in a righ. Ar deire thiar tall shocruigh siad gur'b é an t-éan a bheadh indon eitilt suas ba aoirde sa spéir gurb'é a bhéadh 'na righ.
Ó bhí an dreoilín comh beag is bhí sé bhí eagla air nach mbéadh sé indon eitilt ró-árd agus cheap sé a dhul suas ar dhruim an iolair a bhí níos mó ná na h-eanacha eile agus d'fan sé ann nó go raibh gach éan eile tuirseach agus b'éigin dóibh isliú.
Nuair a bhí an t-iolair ar tí a rádh go raibh sé 'na rí, d'eiteall an dreoilín amach os a chionn agus bhí sé 'na rígh annsin. Sin é an fáth go dtugann na daoine onóir don dreoilín.
Ó's rud é go dtuiteann lá 'le Stiopháin ar an lá 'na dhiaidh lae Nodlaig bíonn neart ithe is ól lé faghail ag na daoine ag a mbíonn an dreoilín. Seo é an rann a deireann siad: -
'Dreoilín, Dreoilín, Rí na n-éan,
Is mór do mhuirghin, is beag tú féin,
Eirigh suas a bhean-a'-tighe,
Beir ar cois na sginne buidhe
Is tabhair pinginn don Dreoilín.'- Collector
- Máire Ní Gamhnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Éamonn Ó Conmhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mayo