School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 338

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 338

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 338
  3. XML “Abairtí i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonn an ghrian leat-bháithte bíonn fearthainn agus stoirm air. Nuair a bhíonn fáinne mór ná gárrdha mór timcheall an ghealaighe. Bíonn fearthainn agus stoirm air comh maith agus ma bhíonn beárna ar bith sa bhfainne sin é an bonn a thugas an fearthainn as.
    Bíonn na réalta ag damhsa agus iad an-glán huair a bhíonn sioc air. Nuair a bhíonn sgamaill in an spéir agus suibhal mór leo thar an ghealaigh bíonn an stoirm in ghar dhuinn an uair sin.
    Nuair a bhíonn an talamh a bhíos i bhfad uait ag breatnú comgarach duit bíonn fearthainn air. Bíonn an fhairrige eirighthe agus bruthanna móra ann agus an gainimh oibrighthe aníos ó thoín na tragha agus bíonn an cubhar ar an traígh isteach roimh an lán-mhara, nuair a bhíonn stoirm air. An gaoth andeas is mó a thugann stoirm leí.
    Nuair a bhíonn uair maith air bíonn na geadhbhna fiadhaíne ag tarraingt ar an bhfarraige. Ach nuair a bhíonn droch-uair air tagann na faoileáin aníos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chinnéidigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bhean Uí Chinnéidigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo