School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 336
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Se Dubh Airc ainm an bhaile a bhfuil comnuidhe orm. Tá dhá sgór go leith dhe thighthe ann - seacht gcinn cluduighthe le slinn. Ta an chuid eile cluduighthe le iarann acht amháin cupla cinn atá ina a measg cluduighthe lé tuighe.Tá cúigear sean-daoine ann ós cionn seachtmhadh bliadhain d'aois agus is uatha sin a gheobhair na sgéaltaí agus an seanchas faoí na daoine a mhair ins an tsean-aimsear. Tá áiteanna ann in a raibh tighthe ag daoine fadó a bhfuair bás leis an ngorta agus cuid eile a chuaidh go Americá agus nár fhill ar ais ó shoin.
Talamh sleibhteach is mó atá ins an mbaile seo agus dá bhrigh sin níl sé ró-mhaith le h-aghaidh curaideóireacht. Tá duaithe gainimhe cois na farraige mhór isteach go dtí an duaithe nuair atá sé in a áirde mara. Is deas an rud suibhal ar an tráigh lá breagh samhraidh a bheith a piocadh ruacain nó bheith ag bádóireacht.
Tá Loch-a-Druim mhór cómhgarach don baile. Ta oileán beag istigh in a lár agus ta crainn beaga deasa ag fás ann. deir na sean-daoine nach ceart iad a bhaint. Tá go leór fraoch ag fás ann agus uair amháin, bhain iascaire cuid de agus rinne sé potai gliomaigh acht ní féidir leó aon gliomach(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Guidhir
- Gender
- Female
- Informant
- Beartlí Ó Cuideagáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Dhearc, Co. Mayo