School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 288
- XML “Stiophán Ó Monachan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)deanfamúid caortín ar luing fá racht seo de,
a mbeidh naoí gunna móra ;gus fiche ar a thaobh
Núair a bhéadóchas an stoirm is ardóchas an fheochan
'S núair a bhéas na seólta i riocht stróidthe uilig leis an ngaoith.
Stíuróchamuid cun claidh isteach cun an fhódh duib
'gus cuirfidh go spóirteamhail ar luct maith i dtúr
IV
A Shorcha ba maith liom da dtrionuigheadh do dheóra
Ná bíodh ort-sa brón ná brisead ar bith croidhe
Nil mise marbh na mo cnámhaibh uilig leonta
Is cífear go fóill mé ag tríall chun do thíghe.
Má ta mise ar an gcarraig tuirseach lag brónach,
Ag amoaineadh ar mo stóirim o maidin go fhaoith,
Nuair a rachad cun calaidh suibhalfad go crodha
Is teanfad mo stóirín isteach lé mo chroidhe.
V
Thúas i mbárr an baile núair a chruinnéochas na ndaoine
Béidh agam-sa síamsa agus aiteas lé n-ól
Beidh greann agus aiteas ar fhidil is piobaibh.
Is aon og na dtíre ag deanamh a gcuid spóirt
Béidh stiolan in a suidhe is na gloine aige líonta
'S'a lámha thart timceall a mna ar is coir
Ní híad a phocaí ta folamh mar is feasach na daoine.
'S ní caithfidh sé choidhche leath a chuid óir.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gamhnáin
- Gender
- Female
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Informant
- Máire Bean Uí Conmhacán
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 81
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mayo