School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 268

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 268

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 268
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa tsean aimsear bhí dúnta na sídheog níos líonmhaire a fud na tíre agus cífeadh na daoine iad go minic. Bhí teach déanta ag fear úair amháin gar do chnoc agus bhí dún na sidhe ar an gcnoc. Bhí go leór bá ag an bhfear seo agus fúair ceann acú bás agus cuireadh í.
    Gach lá thagadh sí go dtí an pairc in a mbíodh a ghamhain ag ithe agus dimtheocadh sí arís gan mórán móille. Sa deireadh chonnaic an fear í agus dúbhairt sé go leanfaidh sé í go bhfeicfeadh sé cén áit a racadh sí. Bhí go maith thosuigh san bó ag rith agus choinnigh an fear súas léithí go dtí gur thangadar go dtí an cnoc agus chúaidh an bó isteach tré bearnán a bhí ann agus siúd isteach an fear in a dhiaidh. Chuadar thart lé teach álúinn agus isteach i gclós taobh amuigh don teach.
    Bhí fear mór in a sheasamh annsin agus labhair sé go feargach leis agus díarr sé air céard a thug annsin é agus dúbhairt seisean gur lean sé a mhuin. Annsin dúbhairt an fear a bhí in a sheasamh sa gclós narbh í sin a bhó agus dúbhairt seisean gurb í.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brígid Ní Cuideagáin
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo
    Informant
    Áine Bean Uí Cabaill
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    73
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo