School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 252
- XML “Scéal faoin nGorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear as Fál mór pósta le bean ó Mhaighdóran agus fuair sé talamh léi agus am an ghorta nuair nach raibh tada lé nithe ag na daoine fuair sé bás leis an ocras. Nuair a bhí sé ag fághail bháis díarr sé ar na daoine é a thabhairt ar ais chun a áit dhúchais mar narbh mhaith leis bheith curtha in aon áit acht istigh i bFál Mór mar a raibh a mhuinntear féin.
An lá a bhí sé marbhú bronghantacht go deimhin an lá é, ní raibh gaoth da laighead ann, agus ba mhaith an rud dhóibh é sin mar bhí ortha dul treasna na fairrge. Annsan fúaireadar bád beag agus d'fágadar síos ar an tráigh é nó go dtógaidís aníos an corp. San am sin ní raibh conra ar bith sa tír beagnach mar bhí na daoine ró bhocht agus ní raibh airgead ar bith acu lé rud ar bith a cheannacht.
Annsin chuireadar pluid thart ar an gcorp agus chuireadar súas ar dhruim dune éigin é agus fúair seisean greim mhaith air agus síos leó chun na trágha. Chuireadar isteach sa mbád é agus amach leo treasna na fairrge go Fál Mór.
Núair a thangadar chun na trágha istigh agus d'fágadar an bád ar an tráigh agus bhí tamall mhaith lé siúbhal acu sul a dtiocfaidís chomh fada leis an roilig agus bhí ortha dul súas cnoc mór. Ag dul súas doibh cerb bith rud(continues on next page)- Collector
- Brígid Ní Cuideagáin
- Gender
- Female
- Address
- Dumha Dhearc, Co. Mayo
- Informant
- Áine Bean Uí Cabhaill
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Dumha Dhearc, Co. Mayo