School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mayo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 237
  3. XML “Saibhreas Inbhir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ina chómhnuidhe in Inbhear uair amháin darbh ainm Brian Rúadh agus bhí fios aige, sé sin d'fhéadfadh sé innseacht dhuit rudaí a bhí le teacht. Bhí mac amháin aige agus bhí sé ag brionglóidígh trí huaire go raibh carn mór óir i bhfolach in a leithéid do áit síos ar an dtráigh agus dubhradh leis comh maith a athair a thabhairt leis.
    Oidhche amháin chuaidh sé féin agus a thair síos agus chúartuigeadar an áit agus fúaireadar pota mór óir thíos i bpoll in aice le cnocán gainimh. Thógadar aníos é agus siúd abhaile leo chomh tapaidh agus a b'féidir leo. Bhíodar ag siubhal gar don fharraige nuair a chonnaic an mac rud éigin ag teacht iseach leis an taoille. Dúbhairt sé lena athair go rachaidís amach go bhfeicidís céard a bhí ann.
    Amach leo agus céard a déarfadh an mac acht an pota d'fágaint ar an tráigh go dtiocfadh sé isteach. Nuair a bhíodar amuigh d'fiafruigh an t-athair de cár fhág sé é agus dubhairt sé gur fhág sé san áit a bhí an gealach ag taitneamh. 'A a amadáin' ars an t-athair an áit a bhí an gealach ag taitneamh an uair sin, níl sí ag taitneamh ann anois
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Brígid Ní Cuideagáin
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo
    Informant
    Maighréad Ní Cormaic
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    45
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mayo