School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 206
- XML “Tithe sa tSeanaimsir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighthe an-bheag a bhí aca fadó, aus iad íseak. Bhí siad déanta de chlothaibh agus dóibh. Áit ar bith nach raibh clothaibh le fághail dóib ar fad atá ins na ballaibh. Cuma ceithre-cúinneach a bhíodh ionnta. AN t-ádhmad a bhí san díon fritheadh sa bportach é go minic. Is minic a bhí an t-ádhmad ocht dtroighthe síos sa bportach. Déanrtaoí cúplaí agus taobháin de'n ádhmad. Bhíodh sgraith leaghtha anuas ar na taobháin agus clúdach tuighe air. Créafó ná leacracha a bhíodh mar urlár aca má bhí leacracha go fairsing ann. Tré pholl sa mballa a tagann daoine isteach is amach agus thagadh an solus isteach chomh maith. Nuair thagadh an báisteach cuirtí cochán ná frao [?] sa mballa. Bhíodh an deatach ag dul amach tré pholl sa díon ná amach an doras. Ní raibh fuinneóg ar bith ann
Bhíodh an teine ar an teallach le h-ais an bhalla. Théigheadh andeatach amach tré pholl sa díon. Bhíodh leabaidh i gcúinne de'n chistin. Cailleach a tugann mar ainm air. Is annsin a chodhluigheadh an t-athair agus an máthair. Bhíodh leabaidh ná(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Cearáin
- Gender
- Female