School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 204
- XML “An Drochshaol”
- XML “Tuilleadh faoin Bhia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus roinnt beag airgid. B'éigin dó gach greim a chur air le na lámhaí. Bhí na mná ag déanamh braithlíní agus tubháillí de'n lín. De réir tuairisg ba bheag a bhí le n-ithe ag cuid de na daoine agus fuair go leor díobh bás leis an ocras. In 1847 bhí na fataí chomh beag sin is nár bhfhiú iad a bhainnt, agus d'fhan na póiríní sa talamh agus bhí fás iongantach asta an bhliadhain i-n-a dhiaidh sin.
- I n-aimsir an ghorta bhí áit timcheall trí mhíle ón scoil i n-a mbíodh soitheach mór agus brathán dhá dhéanamh ann go síoruidhe. Tugtar go dtí an lá indiu air "The Boiler Road". Thagadh daoine ó gach áird chuig an áit agus bhéarfadh siad abhaile an brathán. Arán Sheagail agus arán coirce a bhíodh aca le n-ithe. Rinneadar sa mbaile é, bácáladh siad an chíste ar duilleóg cabáiste leagtha ar leac (?) an teinteáin. Cuirfeadh siad duilleóg eile ós cionn an chíste agus gríosach ar a bhárr. Ba mhór le rádh brathán agus iasc (?0 le chéile i mbéile amháin. Bhí bainne(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Fhlannaidhle
- Gender
- Female