School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 194
- XML “Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Déanann mo mháthair maistreadh gach seachtmhain sa Samhradh. Is annamh a dhéanann sí maistreadh sa n-Geimhreadh. Cuinneóg atá ar an soitheach a ndéanann sí an maistreadh ann. Cinéal barraille árd is eadh é agus é fosgailte ar a bhárr. Buailtear an baine le loithne. Tá clár ar an gcuinneóg agus tá cos na loithne sáidhte trí. Is fusa maistreadh a dhéanamh sa Samhradh ná sa n-Geimhreadh. Má thagann strainséar isteach buaileann sé greas chomh maith. Muna mbuaileann tá sé ag iarraidh an t-im thabhairt leis. Tá an maistreadh déanta nuair atá cnapóga ime le feiceál ar an gclár. Cuireann sí an t-im isteach i mbáisín ádhmaid. Mioscán atá ar an méid ime tar éis aon mhaistreadh amhá [?] n. Cuireann sí salann ann annsin agus cuireann sí i dtaisge e le n-ithe na le n-díol. Ní ceart uisge a chaitheamh amach ná uisge a ól. Ní ceart an bainne atá ins an gcuinneóig a thabairt do dhuine ar bith Dia Luain. Má féidir le duine bó a bhlighe i ngan fhios(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Flannghaile
- Gender
- Female