School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí LOCH na CEATHRAMHAIN MÓIRE ar cheann de na seacht lochaí a bhí i n-Éirinn nuair tháinig muintear Phartholáin.Bhíodh ba bainne ar féarach i mBuailidh (?) ar feadh an t-Samhraidh. Na daoine ar leo iad fadadh siad annsin ag tabhairt aire de na ba agus ag déanamh ime. Choinnigheadh siad an t-im san talamh ar feadh an t-Samhraidh agus bhéaradh siad abhaile é i dtús an Gheimhridh.
HEIFER'S GAPUaír amháin bhí bean ag bleághan bó thug an bhó cic di. Chuir an bhean mallacht leis an mbuin. Thosuigh an bhó ag géimnigh agus ghlaoidh sí ar a cine féin. Tháinig siad ó gach áird le cabhair uirthí. As go bráthach leo ar aghaidh an chnuic (?) agus thugadar píosa mór de'n talamh leobhtha agus rinneadh cnoc de agus tugadh an t-ainm sin Táin-Garbh air ó shoin i leith.
CLUAINTECILLETá bealach faoi thalamh timcheall leath-mhíle i gCluainticille. Tosuigheann sé shuas ar na sléibhtibh. Chuaidh Pádraig Ó Gabhain (?) céad troigh isteach ann le dénaighe. Níor fhéad sé a dhul isteach níos fuide(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Mhurchadha
- Gender
- Female