School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 168

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 168

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 168
  3. XML “Na Reiligí”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ó shoin.
    Sí an roilg is sinne dá bhfuil san bparáiste Cill tSéadna - dá mhíle ó Beannchor Iorruis. Tá sí ar thaobh na h-Aibhne Móire. Tá Teach Pobail de'n tsean-déanamh i lár na roilge. Níl sé acht tuairm 30 troigh ar fad agus 15 troigh ar leithead. Tá clocha móra ins na ballaí agus na fuinneóga agus an doras gan gearradh nó ornáid. Do réir seanachais na ndaoine tóigeadh é in aon oidhche amháín. Ta an roilg seo dúinte suas anois agus ceann úr a rinneadh an bhliadhain seo ar thaobh an bhóthair atá ag dul ó Bheanncor Iorruis go Maolraithnighe. Ní fhaca mé aon chill atá féachaint chómh sean le Cill tSéadna acht Cill Chuimín i gCill Chuimín i bparáiste Leacain, Béal an Átha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Beannacht leat Éire agus Conndae Mhuigheó
    Beannacht le mo ghaoltaí agus dá maireann diobh beo
    Tá mise réidh ag imtheacht agus ní fhillfead go deo
    Beannacht le Éire agus conndae Mhuigheo

    * * *

    Bheirim-se mo mhallacht do lucht dhéanta na mbreug
    Síád a mhúin domh-sa na reágúint i dtoiseach mo shaoghail
    Tá mé annseo ins na hin(d)iachaibh go siorruidhe ag sileadh deor,
    Nuair a chuimhnuighim ar Éirinn ag Conndae Mhúigheo.

    (Seo giota a fuaireas ó Phádhraic Mag Guidhir)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádhraic Mac Guibhir
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male