School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 165
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceanntuighe a bhíodh ar na tighthe fadó. Gheobhaidh muiríneach ó na Dumhacha i mBaile Cruaich, luchair ó thaobh na hAibhne Móire nó cothan. Is annamh a cuirte cothan orra mar bhí ag teastáil mar fhorae le haghaidh na mbó. Súgáin a bhíodh aca leis an clúdach a cheangailt. Bhíodh maidí ar an mbon-tsop agus clocha ceangailte le súgáin do'n maide agus íad 'na luighe ar an mbun-tsop.
    Bhíodh leabaidh san gcistin i gcomhnuidhe in aghaidh na binne agus ar thaobh na teineadh. Bhíodh an leabaidh leigthe isteach san taobh-bhalla. Póc a tugtaí ar an áit san mballa i mbíodh an leabaidh. Ag bun na leabthan bhíodh balla tuairm cúig troighe ar airde agus teacht amach comhthrom leis an leaba.
    Landail[?] a tugtaí ar an mballa seo.
    Chodluigheadh an t-athair agus an mháthair san leabaidh
    Giúsach a gheobhaidhe san bportach a bhíodh ar cheann an tighe.
    Bhíodh an teinnteán ag ceann na cistinighe an bhinn a b'fuide ó'n dorus. Ní bhíodh aon tsimiléar aca. Poll eataigh (deataigh) a bhíodh ann. Ní'l a fhios
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Conamhacháin
    Gender
    Male
    Age
    58
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tulachán Bán, Co. Mayo