School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 134
  3. XML “Na Tiarnaí Talaimh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eilís Eilíne Biongam a bhí mar thighearna talaimh ar Dubh-thuama agus Biongamach an Chaisleáin ar an Ráíth. Bhí tulachán bán ag Seán-Ceartar, Tulachán Dubh ag an mBiongamach. Bhí Dubh-loch ag Ártúr Biongam. Tá a mac Donnchad annsin go fóíll. Bhí Gaoth-Sáile agus Duthaigh Dheirc ag Seán O Ciaráin. Fuair sé an talamh le n-a bhean. Ba de muinntir Chormaic í. Ba Major Seán Mac Cormaic a h-athair. Ba lé Seán O Ciaráin an teach ósta gurab ainm dó "Teach Ósta Iorruis" agus ba siopadóír mór é. Sgris a bhean é agus chaill sé gach a raibh aige. Bhí deirbhsiúr eile léíthi pósta ag Micheál O Gallchobhair a bhí in a chomhnuidhe le cois na hAibhne Móíre i Letty's Lodge in aice Bheanncor Iorruis. Ba leis an Micheál seo iasgaireacht na h-aibhne annsin. Ba íád na Breathnuigh na cinn-tighearnai ar an iasgaireacht seo agus nuair a bhí an léas caithte cheannuigh Micheál O Raghaillaigh Beannchor Iorruis é. Is le n-a chlainn an talamh anois chómh maith.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Eamonn Ó Conamhacháin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gaoth Sáile, Co. Mayo