School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 131
  3. XML “An Táilliúir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl aon táilliúir sa bparaíste seo acht beirt a i mBeannchor Iorruis. Leith-chéad bliadhan ó shoin théidheadh síad thart ó teach go teach. Bíonn éadach siopa ag an táilliúir acht is annamh a cheannuigheanns daoine uaidh é.
    Téidheann na fir ó'n gceanntar seo go Sasana gach uile bhliadhain agus ceannuigheann síad a gcuid éadaighe annsoin. I mBaile a' Chruaich an taobh eile de'n abhainn Mhóir annseo déantar éadaighe as a gcuid olna féin. Tá go leor caorach aca in geall ar na cnuic. Chonnaiceas cultacha breagha a rinneadh agus a fígheadh agus dathadh le fraoch ar fhearaibh i mBaile a' Chruaich. Déantar pluideanna agus rugs san gceanntar ceudna.
    Ní dhéantar aon léinteacha sa tighthibh anois acht creiteáltar stocai agus sniomhann na mná an tsnáithe ar an túirní olna. Tá tuairim 20 túirne olna san áit seo. Dhéineadh gach bean léinteacha suim bliadhanta ó shoin agus rinne bhean Phádraic Mag Ghuibhir léinteacha as líneadach agus is ar a chuid talaimh féin a d'fhás an líon. Bhíodh cúláinín lín ag chuile dhuine agus tá lochán i n-aice na scoile a dtugtar poll a' lín air.
    Sgéal agus piosa amhráin.
    Chuaidh táilliúir agus a mhac ag teach ag déanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Conamhacháin
    Gender
    Male