School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 118
- XML “Garlaí na mBó”
- XML “Fuadach Ime”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhá snaidhm. Teanntar an sreangán agus má sgaoileann an snaidhm tá leigheas le fághail ag an mbuin. Is minic a chonnaic mé gasúr ag déanamh snaidhm na bpéistí nuair nach mbeadh tada eile le déanamh aicí.
- Bhí Caitlín Ní Mháille as Tír an Áir (in aice le Baile Fhiacháin) pósta i nDubh-Thuama. Thainig sí ag Hannroi O Gacháin an gabha (an fear atá luaidhte san amhran agam) agus dubhairt sí leis nach mbiodh greim ime aici dá mbeadh sí buaileadh ó mhaidin go h-oidhche. "Má tá tú annseo," arsa Hannroi roimh éirghe gréine déanfaidh mise crúdh dhuit a gheobhas an t-im ar ais. Ní mó duit an crú a chur ar bhun na cuinneóige roimh dul faoi do'n ghréin agus ní mór naoi bpuill a bheith sa crúdh. Gheall sí dá bhfághadh sí an t-im ar ais go ndiolfadh sí an cómhair leis. Bhí an t-am a sleamhnú thart agus ní bhfuair Hannroi aon im. Cadadh an bhean leis sgathmh in a dhiaidh sin. "An bhfuair tú an t-im?" arsa hAnnroi. "Ní raibh an oiread agam ariamh," arsa Caitlín. "Thóig chugam ar ais an crudh," arsa Hannroi go gcuirfidh mé poll eile ann agus béidh sé nios fearr." Nuair a fuair seisean an crúdh ní thiubhradh sé dí aríst é agus chaill sí an t-am aríst