School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 114
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhthe annseo - an bhó, an capall, an t-asal, an mhúil, an mhuc, an chaora; bíonn bó, muc, asal ar gach feilm, caoirigh ag corr-dhuine ar an t-sliabh, múíl ag cuid aca, capall ag daoine eile.
Ainmneacha: Níor chualaidh mé ariamh acht maoilín, bó bhán, bó dhubh, bó riabhach. Tugtar "púicín" ar shearrach asail.Seóladh: Nuair a bhítear ag seoladh na mbó deirtear "hi, hi," "Doirs," nuair a bhítear 'gá stopadh, "Deasuigh thart," nuair a bhíonns na ba san stáblaGlaodhach orra: "prigín, prigín," a deirtear leis na ba "suc, suc," leis an ngamhan
"huris, huris," a deirtear nuair a bhítear ag glaodhach ar na mucaibh, "Smuc amach," le n-a ruagadh
"Chuc, chuc," a deirtear ag glaodach ar chearcaibh nó sicíní, "Cearc amac," le n-a ruagadh
Séidtear anál idir na puisíní nuair is maith leat go seasfadh an t-asal acht ní féidir an fhuaim a déantar a chur i bhfuirm focail, "asal amach," nuair a bhíotar (?) 'gá thiomáínt.
"Bhó," a deirtear leis an gcapall agus fuaim cosamhail(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Múinteoir