School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 110
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 17.10.'38
    Lá'l Stiophán:
    Teidheann na gasúra thart annseo gach lá'l Stiopáin, beirt nó trúir le chéile. Ní bhéidh nios mó ná triúr in gac aon sgata. Béidh tor aitinne leó agus ribíní air acht ní bhéidh aon dreoilín ar an tor. Tiocfaidh beirt nó triúr go dtí an doras, annsoin beirt nó triúr eile agus mar sin de ar feadh an lae. Déarfaidh duine

    " Dreoilín, Dreoilín, rí na n-éan
    Is mór 'do mhuirín, is beag thú féin,
    Éirigh suas, a Bhean a'Tighe,
    Beir ar cois na sgine buidhe,
    Agus tabhair a chuid fhéin do'n dreoilín "

    Geobhaidh siad pinginn nó dhó agus imtheóchaidh siad leó.
    Le cúpla bliadhan tigeann buachaillí móra ar gluaisteán, aghaidh fidil orra, gléis ceoil leó. Ní féidir a n-aithneachtáil. Ní bhéidh siad-san sásta mar bhfághaidh siad réál nó sgilling ins gach aon teach. Sé an t-airgead cuspóir na hoibre uilig agus ní hé an greann é.

    Lá' Pádhraic:
    Is annamh a caithtear an tseamróg anois. Na páisdí féin is annamh a fheicfeas tú ribíní glas dá chaitheamh aca. San oidhche bíonn damhsaí aca, agus ól má's leó an t-ól fhagháil.

    Aoine an Chéásta:
    Ar feadh an lae béidh daoine ar na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Thámhais
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir