School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 098
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    brúightear suas íad agus cuirtear leis an gcréacht íad mar phláisteár
    Chonnaic mé mo athair féin go minic ag triomú bláth an bhuachalláin bhuidhe, á gcur i mboscaí roimh an ngéimhreadh, agus créácht no lot nárbh fhéidir leis an dochtúir a leigheas leigheasóchadh sé leó é.
    Bruithtear an báchrán, cuirtear bhínégar geal leis, siucra agus rum agus tá leigheas ann do shlaghdán nó laigear. Deirtear go gcuirfidh sé croidhe úr san duine a ólfas é.
    Nim: Fásann earbán ins na dumhacha, bíonn crap beag ar na freúmhacha agus má itheann caoirigh é cuirfidh sé chun báis íad.
    Tá nimh i mbláthannaibh an bhuachalláin bhuidhe.
    Penny Poison - ceann eile a bhfuil nimh ann agus an taoiboilbín. Tá plannda beag eile a fhásann ar thaobh an bhóthair agus a dtigeann caora breagha dearga air acht ní íosfadh na lonta dubha no smolaigh íad. Níl a fhios agam a ainm i mbéarla ní i ngaedhilg.
    Biadh
    Itheann na páistí an samhaidh nó an tSamhóg. Ní itheann na daoine an biorla. Ní;l a fhios aca go bhfuil sé chómh maith i's tá.
    Bruithtear an cruasach nó an cnuasach go mbidh sé in a ghleóthán agus tugtar "slabhach" mar ainm air annsoin. Is breagh folláin an biadh e.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish