Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 085
- XML “Willie an Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó d'arbh ainm Willie an Gabha. Bhíodh sé ag ól I gcomhnuidhe. Lá amháin tháinic an diabhal chuige agus dubhairt sé leis dá ndioladh sé a anam leis go dtiubhradh sé a sháith airgid dó ar feadh cúig bliadhan agus nuair a bheadh na cúig bliadhna thart go dtiubhradh sé leis go h-ifreann é. Dubhairt Willie go raibh sé sásta.
Chuaidh an Diabhal ar ais go h-ifreann agus gach áit a dteidheadh Willie in a dhiaidh sin gheobhadh sé nóta cúig punt agus ní dhearnaidh sé aon obair ar feadh na gcúig mbliadhan sin. Nuair a bhí na cúig bliadhna thart tháinic an Diabhal agus dubhairt sé go raibh na cúig bliadhna caithte agus go raibh sé in am aige a theacht go h-ifreann. Thug sé cathaoir do'n diabhal le suidhe uirri fhad is bheadh 'ga ghléasadh féin. Nuair a bhí sé réidhte dubhairt sé leis an Diabhal a bheith ag teacht. D'feuch an Diabhal éirghe acht bhí sé greamuighthe do'n cathaoir. Dubhairt sé go dtiubhradh sé cúig bliadhna dó agus neart airgid leis dá scaoileadh sé é. Scaoil Willie é agus d'imthigh sé agus áit ar bith a dteidheadh Willie ar feadh na gcúig mbliadhan sin gheobhadh sé nóta cúig punt agus ní dhearnaidh sé aon obair ar feadh na gcúig mbliadhan sin acht oiread. Nuair a bhí na cúig bliadhna caithte tháinic an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muinchille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mayo