School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 049
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an droch-saoghal bhí bean ag dul thart ag iarraidh déirce. Tháinic sí isteac i dteach ar an mbáile seó agus d'iarr sí déirce. D'iarr bean an tíghe uirrí céard a bhí ag teastáil uití agus dubhairt sí go dtógfhadh sí rud ar bith. Thug an bean siúcra di'th. Annsin rinnes sí tae agus d'ól sí an tae dubh gan bainne gan siúcra agus dubhairt sí leis an bean "Is fada an lá ó chonnaic mé bean a raibh neart báinne aicí dhá clann féin gán a bheith ag tabairt aon bhraon do éinne eile.
    Bhí bean eile ag dul thart ag iarraidh déirce d'arbh ainm Róise Mac Aindriú. Tháinic sí isteach i dteach ar an mbaile seó lá agus dubhairt sí lé bean an tíghe go bhfánfhadh sí aicí lá ag sgáradh móna dá dtugadh sí bídh lé n'ithe dhith. Thug an bean neart bídh lé nithe dhít agus d'fhán sí aicí lá. D'innis sí do'n mnaoí go raibh beirt pháistí aicí - buachaill agus cáilín agus go bhfuaireadar bás lé ocras.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Gácháin
    Gender
    Female
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Gácháin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    38
    Address
    Dumha Thuama, Co. Mayo