School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 040
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Deirtear nach bhfuil sé ceart teach a dheanamh lá ar bith acht An Luain

    Deirtear nach bhfuil sé ceart an teach a dheanamh lá ar bith acht Dia Luain agus a dul isteach ann Dia hAoine.

    Lá Coille:-
    Deirtear nach bhfuil sé ceart uisge nó rud ar bith a chaitheamh amach an lá sin. Tágann sé ar an gcéad lá do'n bliadhain úir

    Dómhnach na Cinncíse:-
    Deirtear má ráchann tú amach ag snámh an lá sin nach mbéid tú beó an céad Dómhnach na Cincíse eile.

    Brat Bríghidhe:-
    Cuirtear amach píosa fláinín deirg os cionn an dorais ar feadh na hoidhche. Tugtar isteach ar maidin é agus is é seó é "Brat Brighidhe". Cuirtear an brat Brighide ar dhuine ar bhith a bhíonn's tinn ar feadh na bliadhna agus deirtear go bhfuil leigheas ann.

    Coinnlí:-
    Baintear luachair. Ceangailtear íad agus fágtar ag an doras cúl íad go dtigidh am suipéar. I léis an tsuipéar téideann duine amach agus tógann sé isteach. Deintear iad a seicheadh. Tomtar i nola íad, cuirtear duisín aca i maos ar an mbord agus lastar íad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Nic Thámhais
    Gender
    Female
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Ghámhnáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    38
    Address
    Tulachán Bán, Co. Mayo