School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 037
- XML “Leighiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Borradh péist:- Lámh an seachtmhudh mic nó ingíne le h-aghaidh easbaidh nó craip. Deirtear má leagtar péist ar lámh an tseachtmhadh mic nó ingíne go bhfuighidh an péist bás ar áit na mbonn.
Sgoilteach:- Tá an fheamuinn bhuidhe go maith acht é róstadh sa teine agus a chur leis an áit a bhfuil an pian.
An chos dubh
i ngamhnai -- gáirleóg; greim beag ime agus púdar a bhrughadh le chéile agus a chur isteach i ngearradh sa más an áit a dtigeann an aicíd.
An Triuch:- Bainne an asail a ól.
An Bhruitíneach:- Gáirleog a bhrughadh agus a chur leis na cosaibh. Sugh na neanntóige nó fréamhacha neantóige a bhruith agus a thabhairt dóibh le n-ól.
Aicíd an Chroidhe: - Bonn an bháchráin a bhruith le súchra agus lucris agus a ól ar an gcéalachán ar maidin, timcheall(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Ghrudaigh
- Gender
- Male