School: Ceathrú Thaidhg

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mag Shamhráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 495

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 495

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 495
  3. XML “Caochán”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é an fáth gur tugadh Caochán air. Comhnuigh sé sa tsean-chaislean ón (?) thair ar bhruach eile i gCill an Ghailleagain. Dúthaigh Chaocháín an t-ainm a tugtaí go dtí an lá indiu ann ar an dúthaigh atá déanta de na bailte talaimh seo: Cill an Ghailleagain, Ceathrú-na-gCloch, agus Ceathrú-Thaidhg. Ceathrú an Uchta an sean-ainm a bhí ar Cheathrú-Thaidhg. Muinntir Thaidhg a thug an t-ainm atá anois air dó.
    De réir daoine eile, ó Naomh Ghailleagan a thainic an t-ainm Dúthaigh Chaochain. Chaill Naomh Ghailleagan radharc a shúl i ndeireadh a laethe agus annsin tugtaí Coachán air. B'fhéidir gurab é DUMHA Chaocháín an t-ainm ceart. Tá cnap mór cloch sa tsean-reilig thiar ag an tsean-teampall agus tá sé cosamhail le dumha.
    Strainséirí iad uilig muinntir na h-áite seo - as Cuíge Uladh agus áiteacha eile a thainic a sinnsir aimsir na Géir-Leanamhna - agus níl mórán eolais aca ar shean-iarsmaí an cheanntair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ar an gCorrán Buidhe fadh ó agus bhí sé i gcomluadar leis an diabhal. Bhíodh an diabhal á rádh leis gurbh é fear dho Ghárdaí an Chósta a bhí ann agus chreid an fear é. Bhíodh sé i n-éíntigh leis agus bhíodh sé ag iarraidh a choinneál amuigh mall san oidhche agus ghá thabhairt gach droch-bhealach ag iarraidh a mharbhadh. D'fhanadh sé amuigh an-mhall oidhche Dé Sathairn ag imirt cárdaí le n-a choinneal ó'n Aifreann Dia Domhnaigh
    (anonn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
    Informant
    Bean Mhichil Mhic Dhomhnaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo