Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 475
- XML “Scéal Farraige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche amháín bhí mé fhéín agus daoine eile ag teacht anuas ó Bhéal an Mhuirthid i gcurach, agus bhí an oidhche an-stoirmeach agus bhí ceo ann comh maith.Ní raibh fhios againn cé'n bealach a raibh muid ag dul. Bhí duine a rádh go mbadh é seo an bealach, agus duine eile a rádh go mbadh é sin an bealach.Bhí mise thiar i ndeireadh an churaigh agus d'éirigh fear aníos go dtí n-a bhásta san uisce agus chuir sé a ghualainn leis a' gcurach agus chuir sé amach as an áít sin é.Bhí an curach go díreach ag dul isteach ins an mbarra. Sin áit olc atá sa bhfairrge agus tá sé an-doimhin in áiteachaí. Bíonn tonntracha móra ag éirghe i n-áirde ins an áit sin is cuma lá stoirmeach nó gan aon stoirm. Báthadh cuid(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róis Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cill Ghallagáin, Co. Mayo