Scoil: Ceathrú Thaidhg

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Múinteoir:
Pádraig Mag Shamhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 372

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 372

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 372
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lucht Siubhail
    Bhíodh cuid mhór daoine siubhail ag dul thart ó theach go teach fad' ó ag iarraidh 'gáisge.' Daoine cineálta gan anachain a bhí iontú ach bhí dúil san ól ag an chuid ba mhó acú. Níor mhaith le duine ar bith iad a chasadh ó'n doras, agus bhíodh fáilte ag gach duine rómpa. Bhí ceol agus amhráin acú agus chruinnigheadh na comhursanaigh isteach leis na sceálta a bhíodh acu a chloisteail. Bhí cuid aca i ndon an fidil a sheint. Duine aca Micheál Ó Dubhgáin bhí sé go h-an mhaith leis an bhfidil agus scoith amhránuidhe a bhí ann agus amhráin Ghaedhilge uilig a bhíodh aige. Duine eile acu, Pádhraic Mháire Ní Airt. Bhí sé an-mhór agus an-láidir ach cineál leath-dhuine a bhí ann. Nuair a bhíodh a sháith ithte aige thoisigheadh sé ag léimteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Mairead Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo