Scoil: Ceathrú Thaidhg

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Múinteoir:
Pádraig Mag Shamhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “Reiligí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá reilic sa bparóiste seo. Reilic i gCill an Gailleagain agus reilic eile i gCill Chomáin. Cuirtear daoine i ngach reilic aca. Bhí reilic phríomháideach ag na Burnaig i bPort an Rúis. Badh iad na Burnaigh sean-tighearnaí talaimh an cheanntar seo. Chomhnuigh duine acu i Port an Ruis agus duine eile acu i gCeathrú na gCloch. Ba Phrotastúnaigh iad. Tá reilic Cill an Gailleagain cothrom ach tá cnap mór cloch ins an taobh thoir dí. Tá fánaidh i reilic Chill Chomain.
    Tá neart sean-chroiseanna agus sean-tuambaí ins na reilicí seo ach níl aon chrann ag fás ionnta.
    Thainic daoine isteach ar an tráigh - Gaill an t-ainm a bhí ortha agus cuireadh thiar i Reilic Chill an Ghailleagain iad, agus sin é an fáth nach bhfuil an Reilic seo beannuighthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Corrán Buí, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Gallchobhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Corrán Buí, Co. Mayo