School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teachers:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 231
  3. XML “Tithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an cineál tighthe a bhíodh acu fad' ó sean-tighthe deanta de fódógaí agus scraitheacha agus iad déanta go cruinn acu. I lár an urláir a bhíodh an teine, agus bhíodh an poll deataigh thuas i lár BÁRR an tighe mar bhíodh an BÁRR déanta de fóidí freisin.
    Ní bhíodh ach doras amháin orra agus gané sin greamuighthe mar na doirse a bhíonns againne anois mar ní bhíodh fráma ar bith ann le n-a choinneailt. Ní bhíodh doras cúil ar bith aca, agus nuair a shéídeadh an ghaoth isteach d'fhágadh siad comhla i n-a sheasamh sa ndoras.
    Ní bhíodh ach fuinneog amháin orra agus ní bhíodh ach pána amháin i ngach fuinneoig. Tighthe eile ní bhíodh fuinneog ar bith orra, agus annsin bhíodh na tighthe comh dorcha nach bhfeicfeadh siad an duine a chuirfeadh méar i n-a súil.

    Pádhraig Ó Taidgh
    Ceathrú na gCloch
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhroin
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
    Informant
    Pádraig Ó Taidhg
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo