School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 208
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí muilneoir ann uair amháin agus bhí sé an-shaidhbhir.”
Bhí muilneoir ann uair amháin agus bhí sé an-shaidhbhir. Bhíodh cuid mhór daoine ag teacht aige chuile lá le cáisce a mheilt agus ar an gcaoi sin bhí sé ag déanamh go leór airgid. Ar deireadh tháinic droch-am agus ní raibh duine ar bith ag teacht aige le grán. Bhí sé ana bhocht annsin.
Maidin amháin d'éirigh sé an-mhóc agus shiubhal leis go dtí an abhainn an áit a raibh a mhuileann. Shuidh sé síos ar bhruach na h-abhainne le briseadh croidhe. Níorbh fhada go bhfaca sé an bhean ag teacht aníos as an uisce. D'éirigh sé le rith ar shiubhal ach ghlaodh an bhean air . Tháinic sé ar ais agus d'fhiafruig sí de céard a bhí air. D'innis sé dhuithe. Dubhairt sí annsin go gcuirfeadh sí an mhuileann ag imteacht "ar ais" agus go mbéadh neart gráin le meilt arís aige; "Ach caithfidh tú rud éigin a thabhairt dom" ar sí
"Céard a bhéas tú ag iarraidh?" ars(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Scanláin
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo