School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teachers:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 187
  3. XML “An Gréasaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl aon ghréasuidhe thart ins an cheanntar seo anois, ach tá ceann timcheall is trí nó ceathair dho mhílte ó seo. Tá ceathrar nó cúígear fir thart annseo atá i ndon bróga a dheasú go maith. Fad' ó bhíodh go leor greasuidhthe thart annseo, agus bhíodh 'g ionnsuidhe gach duine i ndon bróga a dheasú, agus bhíodh na mná comh maith leis na fir.
    Bíonn go leor uirlisí ag teastáil ó ghach gréasuidhe. Bíonn ceap aige leis an mbróig a bíonn sé ag curbonn uirthi a leagan suas air, agus tugann sé sin caoi dhó an bonn a chur suas níos feárr. Bíonn meanadh (?) aige leis an leathar a pholladh nuair a bhíos sé ag fuagháil. Tugtar cnáibh ar an snáth a bhíos aige, agus bíonn tairní, piogaí casur agus pionnsúr aige comh maith. Bíonn leathar uachtar agus leathar bonn ag teastáil uaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Róis Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo