School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mayo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 229
  3. XML “Bóithre an Cheantair - Na Seanchasáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí casán ag dul as Porturlainn go Béal Dearg thart faoin gcósta fad ó shion. Casán Dubh an t-ainm abhí air. Bhíodh na daoine as Porturlainn ag dul go dtí an siopa i mBéal Dearg (seacht míle - ní rabh aon siopa i bPorturlainn na ní ba giorra dóibh) le h-aghaidh bidh agus is ar an gcasán seo a théighidís. Bhí casán eile ag dul ó Porturlainn go Port a Chluaidhe treasna an t-sléíbhe. "Casán na gCoastguard" an t-ainm a bhí air. Bhíodh na Coastguards i bPorurlainn agus i bPortachlóid ag casadh ar a chéile leath-bhealaigh idir an dá bhaile. Ar an gcasan seo a ghabhaidís.
    Ag Pollach leath-bhealaigh idir Sraith-an-tSeagail agus Porturlainn tá uaimh mhór, Uaimh Dhorcha is ainm dí agus deirtear go bhfuil casán faoi talamh uaithe seo ó dheas go Conndae na Gaillimhe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Port Durlainne, Co. Mayo
    Informant
    Máire Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Port Durlainne, Co. Mayo