School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mayo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 179
  3. XML “Daoine Cáiliúla - Clann 'Ac Aindriú na Maoile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí clann 'Ac Aindiriú na Maoile ina gcomhnuidhe i gCo. Mhaigheo. Bhí dhá réag aca ann. Cineal amadáin abhí in gach duine aca. Teach cionn-tuidhe abhí aca agus bhí féar ag fás thuas ar bhárr an tighe. Dubhairt duine aca go mba cheart é a bhaint agus a chaitheadh chuig na ba. Dubhairt duine eile aca gurb' fhearr an cloigeann a bhaint de bhó agus é a chaitheadh suas ar bhárr an tighe go n-iosfadh é. Bhain siad an cloigeann de'n bhó agus chaith siad suas ar bhárr an tighe é agus bhí an cholann ar an dtalamh. Ar maidin nuair a d'éirigheadar ní rabh colann na cloigeann le fághail; bhí siad leis na madaidh.
    Uair eile bhí siad ag dul go Sasana agus ag Blá Cliath thoisigh siad ghá gcomhaireadh fein. Ní bfuair siad ach aon duine déag. Tháinig siad abhaile go brónach agus chuir siad amach go rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish