School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 495
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Chúai' fear as Éirinn go Sasanna uair amháin a' saoíthrú a chodach. Bhí siad a cainnt ar na h-áiteacha thart ortha agus a' córá. Do thóg an t-Éireannach amach a phíopa agus do dhearg sé é, agus thoisí an bheirt a caitheamh. Annsin labhair an Sasannach agus adubhairt
"Cé chaoí a bhfuair t-athair bás?"
"Báitheadh é, an fear bocht," arsan t-Éireannach.
"Agus do shean-athair," arsan Sasannach.
"Báitheadh é sin a chó maith," arsan t-Éireannach.
"Wel," arsan Sasannach, "Dá mbeithinn-se id' áit sé ní rachainn isteach i mbád go deó."
"B'fhéidir é," arsan t-Éireannach, "Ach cogar mé seo leat. Cé chaoí a bhfuair t'athair féin bás?"
"In a leabai'" arsan Sasannach.
"Agus céard mar geall ar do shean-athair?" arsan t-Éireannach.
"In a leabai' a chó maith," arsan Sasannach.(continues on next page)- Informant
- Cáit Ní Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo