School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sorcha Ní Chiaráin
Dubhloch.Paidir le rádh Aoine an Chéasta
Seo í an Aoine tuirseach brónach,
Seo í an Aoine a shil na deora,
I gceann do mhíle stór;
Ó a Rí na Grásta
Nách cráite a bhí tú ins an ngáirdín,
O'n lá go dtí an oíche
Agus tú a smaoineadh
Ar an mbás a bhí le fághail agat Dé h-Aoine
Agus ar na slúaite malluite
A bhí le bheith ar gach taobh díot,
Nuair a chuala an Maighdean
Gur gabhadh a h-Aon Mhac
Níor fhan sí léi féin a dheasú,
Ach shiúil sí go h-uathbhásach gan aon traithe bróga
Ag íarraí a h-Aon Mhac thug na Iúdaí leófa
Casú fuill Íosa dí ar a mbóthar
Chrom sí síos agus thug sí póg dhó
Nách crúaí an ceangal a chuir síad órtsa, a ghrá' gheal,
Is gur b'é fuil do chroí istí atá a' múineadh DÚIS (?) an eolais.
Dhearc sé thairris agus ba chrúaí, A
ghéibheann,(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Chiaráin
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo