School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 421
- XML “Bréag Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bréag ÉireannBhí fear ann fadó shoin agus fadó bhí, agus á mbeinn-se an uair sin ann ní bheinn ann anois, agus ní raibh mé ariamh gan sgéal geárr ná sean sgéala agus ní dóiche de sin ná bheith gan aon sgéala.
Rí a bhí ann fadó shoin agus ní raibh aige ach aon iníon amháin, agus ní raibh aon fhear le í sin a fhághail ach an fear a chumpadh an bhréag go gcaithfeadh a rí éach [éitheach] a thabhairt do. Bhí duine áirthid ins an áit -- mac baintrí -- agus dubhairt sé len a mháthair --
"Gabhfai' mé agus cumfai mé an bhréag go'n rí agus bainfi mé an iníon de."
"Fan sa mbhaile -- ar sise -- a dhuine chóir. An margú a dhéanfas sé leatsa, mur gcumfai tú an bhréag caillfi' tú an ceann."
"Bheul," ar seisean -- "Ní stopfai mé ná ní mhór chónói mé go bhfeicfi mé a rí."
D' imthig sé leis agus an áit a bhfáighid sé lóisdín oidhche ann, chodluíd sé ann agus an áit nách bhfáighid chodluíd sé(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Éaluighthe
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An tSraith, Co. Mayo