School: Gleann Caisil (roll number 13222)

Location:
Gleann Chaisil, Co. Mayo
Teacher:
Eoghan Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 356

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 356

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Caisil
  2. XML Page 356
  3. XML “Dane Lyons”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dane Lyons.
    Tháinic long isteach ag Béal Dorcha raiceáltaí ar a gcladach agus i briste in a píosaí. Ní túisce bhí sí istigh ná thoisigh chuil dhuine á goid - píosaí agus rópaí agus chuile shórt Bhí Protastúnaig agus Caitlicí a gabháil di. Ní raibh sórt ollmhaitheas a' bith uirthi. Tháinic na yeo-men agus cheap siad a' muinntir a bhí á goid agus thóg siad suas go Caisleán-a-Bharraig iad le h-aghaidh a dtriall.
    Bhí sagart go dtugtaí Dane Lyons air na shagart paráist i "Duí Stiúrfad" [Taobh-istigh-de Mhuir{thid]} san am. Ní raibh na daoiní bochta [.i. na Caitlicí] i ndán costas a' bith a íoc le dligheadóir a réiteóch a cás dóbhtha, agus chuaidh Dane Lyons chun labhairt ar a son.
    Lord Cornwall a bhí in a bhreitheamh agus ba é an duine ba thruime ar a jury ná Donnchadh Brún. D'fhiafruigh a breitheam de céard a bhí le rádh aige sa chás seo.
    "Bhí mé i mo gheathtóir ar phríosún Caisleá{n-}a-Bharraigh le deich mbliana fichead agus níor thionntuig mé eochair ar mac Gaill i rith an ama sin uilig," arsan Brúnach.
    Nuair a airigh an breitheamh an chainnt sin dubhairt sé go raibh sé íontach agus trom.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    2. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Máille
    Gender
    Male
    Age
    86
    Address
    Dumha Locha, Co. Mayo