School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Drumsleed, Co. Mayo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 260
  3. XML “Na Seantithe”
  4. XML “An Talamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Sean Tighthe
    Bhí ballai an tighe comnuidhe agus ballai na dteach mbeag eile a bhí ag na daoaine fado déanta as cloc. Bhí na ballai tuairim is ocht dtroig in airde agus troigh nó dó ar leithead. Bhí fuinneoga beaga ins na ballai. Bhí seomra amháin agus cisteanach fada insan teach agus bhí áit le beithidhig a ceangailt i mbun an tighe. Bhí leacracha mar urlár aca san cisteaneach agus bhí “Down” ins an seomra – sé sin moirtéir agus cré measguighthe le chéile.
    Is iad na ratai nó na cúpla a bhí faoin admad agus bhí na creathaigh ag coinneál na cúpla le chéile. Ní raibh aon tairnge ag dul tríd na cúpla leis na creatai a coinneál suas acht bhí cipíní ag dul triotha. Bhí na taobhaigh leagta le chéile ós cionn na reatai agus bhí cleatha leagtha orra agus níor leig siad na scrathóga síos a bhí ós a gcionn. Bhí luacra ós cionn na scratóga agus iad ceangailte síos le sugáin agus na sugáin ceangailte ar cipíní a bhí ar an balla. Ní raibh aon seileál taobh istigh acht san seomra. Bhí canbhás faoi na scratóga.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.