School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 198
- XML “Scéal”
- XML “Crónán Cois Teallaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)maithe ann mé,
Ba dona an cuimhneamh don mnaoi óg nac bhfanfadh le brígh mo sgéil.
Dá d'tarrainge ar an gcruach, b'fusa don sluagh dul imo dhiaidh".Thóg sé leis í amac as teach na bainse isteach in a long agus d’imthigh leis. - Cronán cois Teallaigh
(1)Bhí fear amuigh go mall san oidhche ag marcuigeacht ar chapall. Níor airigh sé rud gur léim cat suas roimhe ar an diallaid. Ní ndearna sé rud acht an tslat a bhí in a láimh a iompódh agus buille trom a bhuaileadh sa gceann air. Thuit an cat ar an mbóthar agus nuair a bhí sé sínte labhair sé leis an fear agus dubhairt sé."Nuair a gabhfas tú abhaile anocht innis do Cronán cois Teallaigh fur marbhuigh tú Mágeamh aréir”.Nuair a bhí an fear in a suidhe cois teine d'innis sé an sgéal d'á bhean. Chuala Crónán é. Ní luaithe a bhí sé innste aige ná gur léim sé siar ar a(continues on next page)