School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Drumsleed, Co. Mayo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 150
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-fhocla
    1. Fear na haon bó fear gan aon bó.
    2. Bíonn an fhirinne searbh acht is í is fearr ar deireadh
    3. Is fearr go mall ná go ró-mhall
    4. Ní aireachtar an tobar go mbéidh an tobar tirm.
    5. Urchar bodaigh i bhpoll mónadh na oidhche fhoghmhar ag tuitim.
    6. Dá fheabhas a thiocfaidh an fhoghmhar tiocfaidh Earrach a íosas é.
    7. Tá sé chomh fada le sgéal Hud.
    8. Níl sé ion-trustú lá foghmhair
    9. Is fearr cur mall ná ceannacht luath
    10. Is milis le n-ól agus is searbh le n-íoc.
    11. An té nach ndéanann a graithe in am. Béidh sé in a pléiseam.
    12. Is iomda corr ar oidhche fhoghmhair
    13. Ní fearr comhairle in aisge ná dhá comhairle a cheannochas tú.
    14. Tá lá'il Mártain 'na saoire ar casaibh
    15. Ná déan magaidh mar glacaidh tú magaidh
    16. Poll duibheachan an poll is doimhne
    17. Níl fios ag an duine cé aca is fearr luath na mall.
    18. D'orduigh Dia don duine an cioth a leig thairis
    19. Ní beag beagán go droch-brochán
    20. Ní h-ionann faid den na méara agus béasa chuile dhuine
    21. Is maith í an óige má caithtear mar is cóir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish