School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Drumsleed, Co. Mayo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 113
  3. XML “Corr an Aifrinn”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Corr an Aifrinn
    Fadó bhíodh na sagairt ag léigheadh aifrinn amuic faoi'n spéir.
    Tá áit ins na sléibhte Baile Chruaich idir Grianáin agus Losán? a tugtar Corr an Aifrinn air. Bhí sagart ag léigheadh aifrinn ann agus tháinic na saighdiuiri air. Bhí siad ag caitheadh cloch (leis) síos air agus theas na clocha ar thaobh an cruic, agus tá siad annsin le feiceál go foill. Ní raibh na saighdiuiri ábalta teacht anuas mar stop an sagart iad.
    Fuair Prionnsíos Mac Manamon sin ón a athair(71)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Ballycroy, Co. Mayo
    Collector
    Prionnsíos Mac Manamon
    Gender
    Male
  2. (no title)

    Nuair a bhí an tAthair Mánus Mac Suibhne ag teiceadh óna saighdiuiri thuig sé turas go Baile Cruaich.

    Nuair a bhí an tAthair Mánus Mac Suibhne ag teiceadh óna saighdiuiri thug sé turas go Baile Cruaich.
    Bhí spiadóir annsin ag iarraidh an sagairt a cheapadh agus chuimhnigh sé ar cleas chun é a dhéanamh. Chuir sé fios ar an sagart ag rádh go raibh sé tinn agus ag iarraidh air a theacht chuige.
    Chuaidh an sagart go dtí an teach acht nuair chonnaic an fear é léim sé as an leabaidh agus lean sé an sagairt. Ar deireadh cheap sé é acht bhí an sagart níos láidre ná é agus do theip air é a mharbú agus chuaidh an sagart saor uaidh.
    Pádhraic Ó Dálaigh a fuair an sgéal sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.