School: Cor-chloch (roll number 15014)

Location:
An Chorrchloch, Co. Mayo
Teacher:
Peadar S. Mac Dáibhidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 8

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 8

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cor-chloch
  2. XML Page 8
  3. XML “Toibreacha Naofa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar naomhtha i bFálmór timcheall le céad slat ón dtráigh. Tá gaineamh go leor timcheall air. Deirtear gur chuir Naomh Deirble ar bun é. Deirtear, freisin, gur tháinig sí as Cúige Laighean. Bhí sí an-deas dathamhail agus is iomha mar ríóg is prionsa a bhí i ngrá léi agus gur maith i a poasadh. Bhí fear óg usal agus b'éad é as Cúige Mumhan a bhí sé i ngrá go mór léi. Lá amaháin bhí sé le teacht ar cuairt chúice acht nuair a shroich sé teach a athar, bhí sí imighthe. Chuala sé go ndeacha sí aniar go Connachta. As go broi leis agus níor stad sé gur tháinig sé suas léi ag Falmór.
    ''Ceard é an ball de mo chorp go bhfuil tú in grá go mór le, arsa sí. '' Do shúile deasa gorma'' arsa seiseann. Leis sin, phioc sí amach a dhá shúil agus chaith sí iad ar an talamh. Nuair a tháinig an fear ceard a rinné sí, tháinig brón mór air agus d'fhill sé abhaile. Nuair a bhí sé imithe thosaigh sí ag lorg na súile ach nuair a fuair sí iad ní raibh uisce úr glan le iad a nígh. Labhair sí le dia agus díreach nuiar a bhí an focal as a béal ná tháinig tobar fíor-ghlan asin ag bun a coas. Nigh sí a súile agus chuir sí arais ina ceann iad. Thóg sí tobar ón air agus d'oscail sí doirse a eaglais ansin i seribhís Dé.
    Tá an tobar ón lá seo go dtí an lá indiu. Tá an t-uisce go h-an mhaith le súile ann. Aoinne a dhéanas turas ag an dtobar seo ní mór do bheith cosnocht agus agus dul thar timcheall air ar a dhá glúin trí uair ag siubhal is an paidrín pairteach do rá gach uair.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish