Déanfaidh mé cuilt de mo bhríste,
a mhaitheas le saoghal na bhfear,
Ní bhainfidh mé an fheasóg seo dhíom,
Go bhfásfaidh sé míle ar fad.
Beidh sé ag fás agus ag críonadh,
Mar bheadh olann ar chaora ghlas,
Agus muna bhfaghaidh mise bean ar an gcaoi sin,
Tréigfidh mé an saoghal seo ar fad.