The following has been obtained from Tomás de Lochtus", Dereen, Killasser, Swinford age 74 years.
1. Go dtugaidh an diabhal coirce dhuit is clocaí beaga tríd.
2. An deamhan is an diabhal ort.
3. Ná raibh tú ag coinnleach an Fhoghmhair.
4. Mullach do chinn fút.
5. Go dtachtar le d’anáil thú.
6. Go dtugaidh na raibhigh leis thú.
7. Codhladh siscín ort.
8. Rath na reathnaigh ort ag fás agus a’ chríon.
9. Rath na reathnaigh atá críon ort.
10. Ná raibh aon rath ort go raibh sé ar an reathnach atá críon.
11. Buineach dearg go dtigidh ort.