Scoil: Caladh (C.) (uimhir rolla 8740)

Suíomh:
Callow, Co. Mayo
Múinteoir:
Bean Uí Éaráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0126, Leathanach 5

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0126, Leathanach 5

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caladh (C.)
  2. XML Leathanach 5
  3. XML “Leag na Fola”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá páirc mhór i gcoill Ó Naughton tuairim is trí míle go leith ó dheas as Béal Easa agus tuairim is ceithre míle go leith ó thuaidh as Béal na Muice. I bparáiste Cill Lasarach atá sí suidhte. Baineann an pháirc seo le Éamoin Mhic Gamhain anois acht fadó ba leis taoiseach darbh anim Ó Ruadhán i.
    Bhí a lán beithidheach ag Ó Ruadhán. Theastuigh siad ó thaoiseach darbh ainm Ó Naughton. Níor mhaith le Ó Ruadhán iad do thabhairt dó agus bhí fearg ar Ó Naughton mar gheall ar sin. Chuir sé troid ar Ó Ruadhán. Troid mhór mhillteach a bhí ann.
    Bhí inghean an naomhta ag Ó Ruadhán. Lasair an t-ainm a bhí uirrí. Fhad is a bhí an troid ar siubhal mharbhuigh sí ceann de na beithighidh. Nuair a fuair na beithidhigh eile boladh na fola thosuigheadar ag marbhadh a chéile agus ní fada go raibh siad uilig marbh. Annsin ní fhuair Ó Naughton na beithidhigh. Sin an fáth gur chuireadh an t-ainm sin Leag na Fola ar an áit sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cuillonaghtan, Co. Mayo
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Rághnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cuillonaghtan, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Séan Mac Rághnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cuillonaghtan, Co. Mayo