School: Caladh (C.) (roll number 8740)

Location:
Callow, Co. Mayo
Teacher:
Bean Uí Éaráin

Filter stories

Back
/ 87 Forward
Resolution: Low | High
Scoil a Bhí i Mo Bhailese Fadó

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0126, Page 3

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fadó, fadó ó shoin do bhí sean-sgoil ar theorainn mo baile-sa cúpla péirse suas ó chros-bhóthar Roinnbhric. Róches an t-ainm a bhí ar an sean-sgoil. Níl fhios agam cé'n fáth? Bhféidir gur Roche an chéad múinteoir a bhí sa sgoil sin. Bhí an sgoil sin suidhte i bparáiste Tuam Mór i gConndae Mhuigheó leath-bhealaigh idir Béal Easa agus Béal na Muice. Tuairim is céad blían ó shoin a bhí an sgoil sin ann.

Sean sgioból a bhí mar sgoil acá agus tuighe mar dhian ar an sgioból. Leacracha a bhí mar urlár ins an sgioból sin. Ní raibh ach doras amháin ann. Bhí an sgioból gan similéar ar bith ann agus nuair d'fhosclóchaidís an doras bhiodhar préachta leis an bhfuacht agus nuair dhúnfadiís é bhídís plúchta le deatach. Bhí stóltaí beaga agus boscaí aca cun na sgoláirí do suidh ortha.
Eoghan Nic an Ultaigh as Carrick a bhí 'ghá múindadh ins an sgoil sin. Comhnaidhe an múinteoir ins an sgoil

(continues on next page)
Collector
Mairéad Ní Dhúrcháin
Gender
female
Address
Cloonygowan, Co. Mayo
Informant
Bean Uí Réap
Gender
female
Language
Irish