School: Caladh (C.) (roll number 8740)

Location:
Callow, Co. Mayo
Teacher:
Bean Uí Éaráin

Filter stories

Back
/ 87 Forward
Resolution: Low | High
Seanchas i dtaobh na hAimsire - Comharthaí Doininne

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0126, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Is iomdha uair a chuala mé mo mháthair a rádh gur ghearr uainn an bháisteach nuair a fheictear an cat agus a thón leis an teine


An t-asal agus a thón le gaoith. Deirtear nach fada uainn an bháisteach

Am ar bith a bhíonn an mada ag ithe féir agus ag ól uisge deirtear go bhfuil an bháisteach ag triall orrainn

Nuair a shoillsigheann an ghrían go moch ar maidean sin comhartha fearthainne

Uair ar bith a stopann an deatach istigh sa teach sin comhartha báistighe

Tagann feithidí beaga amach san oidhche. Deirtear gurb é sin comhartha fearthainne

Am ar bith a eiteallann fáinleógaí go h-íseal sin comhartha báistighe

COMHARTHAÍ SOININNE

Uair ar bith is féidir an Cruach Pádraig d'feiceál go soiléir deirtear gurb é sin comhartha aimsire bhreagh

Am ar bith a fheictear an deatach

(continues on next page)
Collector
Mairéad Ní Dhúrcháin
Gender
female
Address
Cloonygowan, Co. Mayo
Informant
Sorcha Ní Ghallchobhair
Gender
female
Language
Irish