School: Caladh (C.) (roll number 8740)

Location:
Callow, Co. Mayo
Teacher:
Bean Uí Éaráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0126, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0126, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caladh (C.)
  2. XML Page 1
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire - Comharthaí Doininne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha uair a chuala mé mo mháthair a rádh gur ghearr uainn an bháisteach nuair a fheictear an cat agus a thón leis an teine

    An t-asal agus a thón le gaoith. Deirtear nach fada uainn an bháisteach

    Am ar bith a bhíonn an mada ag ithe féir agus ag ól uisge deirtear go bhfuil an bháisteach ag triall orrainn

    Nuair a shoillsigheann an ghrían go moch ar maidean sin comhartha fearthainne

    Uair ar bith a stopann an deatach istigh sa teach sin comhartha báistighe

    Tagann feithidí beaga amach san oidhche. Deirtear gurb é sin comhartha fearthainne

    Am ar bith a eiteallann fáinleógaí go h-íseal sin comhartha báistighe

    COMHARTHAÍ SOININNE

    Uair ar bith is féidir an Cruach Pádraig d'feiceál go soiléir deirtear gurb é sin comhartha aimsire bhreagh

    Am ar bith a fheictear an deatach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Dhúrcháin
    Gender
    Female
    Address
    Cloonygowan, Co. Mayo
    Informant
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female