A mhac a Mhuirele nach raibh an t-ádh ort.
Nach raibh do chlann ingnean ag iarraidh spré ort,
Ná do chlan mhac in urchar a chéile. (no i bhfochair)
Is tú bhain diomsa mo dhritheár gléigeal.
Tá spré Donail Mhóir ag teacht abhaile,
Agus ní in a caoirrigh na in a chapaill,
Acht ’na píopa bána agus coirnéailí geala,
Toboc go leor ag cách dhá caitthe.
} cosamhail le “A Dhonchadha Bháin”
Ni cíobh íad do lucht dha caitthe.
Acht tá mo croidhe briste go léir.
Na mná udaí thall le na mbordarí fada,
Agus na placiní amach ar do cheann,
Tuige nach n-éirigheann sibh-sa suas,
Agus cuidheacán liomsa mo dritheáir a chaoineadh
Sneachta ar chinn cnuic agus sinneán mór gaoithe
Dál tsláinnte agus saoghal ag fear siubhal na h-oidhche.
An sgéal — miniú an dháin seo thuas :— Do mhárbhuigh fear dritheár a mhná ; tá sí ag gol ’s ag caoineadh faoí. Fuair mé an amhrán o bean Uí Nádharaigh, Tomghéis, Beal Atha na Muice — tá sí thar ochtadh (ceithre sgór) mbliadhain d’aois.
Máire Ní Nádharaigh, cailín i seachtadh rang, a sgriobh é sa gcóipleabhar seo.